Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)
- Suíomh:
- Kells, Co. Kerry
- Múinteoir: Pádraig Ó Fiannachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Cealla (Kells)
- XML Leathanach 017
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá amháin chuaidh bean isteach go dtí fíacalóir cun droch fhiacal a tharrac. Do cuireadh í na suide ar cathoir agus fuair an fíácalóir pínsiúir agus do bheir sé greim air agus do chas sé é mórthímceall agus annsan bhí sé ar an bpláta aige. Núair a bhí gach aon nídh socair dubhairt an fíacalóir "tabhair dom leat-coróin led thoil." Núair a cualadh an bhean é sin ní raibh sí sásta agus bhí fearg uirthe. Dubhairt sí gour cuaidh sí ag tríall ar an ndochtúir an lá fé dheire le droch cheann díobh agus gur chuir sé í na suidhe ar an t-úrlár agus annsan do rug sé greim ar an seana bhuachaill le pínsiúir tréan. Do tharraing sé mór tímceall an seómra cúpla turas í agus annsan anúas an staighre agus bhí an fear bocht ag séide alluis go tiugh.Núair a bhí sí ar bun na staighre aige dubhairt sé ba cheart di bheith ag teacht núair a bheidís ar nais sa t-seómra airís agus súas leis airís ag stracadh na mhná go barra na staighre agus díreach núair a bhí barra na staighre bainte amach tháinig an buachaill ós na préamhacha agus dubhairt sí annsan ná tógfadh an dochtúir uaithe ar an obair sin go léir ach scilling amháin agus gur theastuig a dhá oiread ón fíacalóir agus ní raibh aon trioblóid aige, agus ars' an fiacalóir is baoghlac ná cuaidh sí tar dhoras airís.
- Bailitheoir
- Bríd Ní Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Bríd Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Kells, Co. Kerry