Scoil: Gleann Fleisge

Suíomh:
Glenflesk, Co. Kerry
Múinteoir:
Donnchadh Ó Spiolláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 914

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0457, Leathanach 914

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Fleisge
  2. XML Leathanach 914
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Mo grád is mo laogh tú agus dé bheatha cughain.

    (An bhean)
    1.
    Mo grád is mo laogh thú agus dé bheatha cughain
    Mo ghrádh do bhéal agus t-éadan leathan-gheal
    Mo ghrádh t-intinn nár smaoin riamh m’atharach
    Mo ghrádh go deo thú sé mo bhrón bheith sgartha leat
    11.
    (An Fear)
    Go deimhin a riúin níor thugas uasla dhuit
    Ní riugas lium tú gan cead ó’d bantarlan
    Níor shín t’fhear pósta fós ar leabaidh leat
    Is ní tuisge a shínfidh ná mar shínfead-sa eadraibh
    111.
    (An Bhean)
    Nach olc an gradh é t’réis mórán ceana dhúinn
    A chur m’fhir-phósta go deo in earraid liom
    A’ troid is a coisgear is ag síoruidhe ag achrainn
    Is gan tusa beo agam cun mo bhrón dhuit aithris
    1V.
    (An Fhear)
    Ní raibh ‘d’ ghrádh-sa ac mar a mbeadh máin d’en t-sneachta amuig
    Ná cúbhar lá Márta bheadh t’réis ‘lae fearthanna
    Na tuille shlé do shéidfeadh caise dhi
    Na séideán gaoithe de dhruim na fairrge
    V.
    (An Bhean)
    Chathaoin a chonnaicís mo pháirt-se nó mo cáil lae atharnach
    Ná mé ag dul ag ól leo ar bhórd go ceannasach.
    Agus níor smaoineas riamh in croidhe ná in aigne.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge