Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Killarney, Co. Kerry
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 117
  3. XML “Beatha Sheáin agus Máire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aríst.” Cuaidh Seán óg ag fiadhach amach sa lá agus thug abhaile girrfhiadh na beathaig. Gan dabht, bhí súil aige leis an tighearna aon lá bhuail sé chuige sa chúinne an girrfhiadh. “Bí aireach a Mham” arsa sé “ac nuair a thiocfadh an tighearna. Scuir chun siubhail an girrfhiadh agus abair leis glaodhach ar do mhaighistir. Sin mar a thárluig, tháinig an tighearna agus seinm buille ‘na radharch.
    “Cá bhfuil fear an tighe seo?” arsa sé. “Téir amach” arsa Máire leis an girrfhiadh “agus glaoidh ar do mhaighistir.” Seo chun an chnuich an girrfhiadh. Bhí Seán ag fiadhach an lá céadhna agus chonnaic sé cuige an girrfhiadh agus tháinig fé na bhráid agus lámhach é. Bhí an fear bocht lag leis an ocras agus thug sé leis abhaile é. Nuair a chonnaich an tighearna Seán Óg ag teacht leis an n-girrfhiadh dhein sé dearmhad ar margadh na lárach ach chuir i-núil é féin do Seán agus d’fhiafruig sé dhe cad ar a ndíolfadh sé an girrfhiadh. “Ar ór ná ar airgead ní dhíolfainn é sin” arsa Seán. Dheineadar margadh ar míle punt agus thug leis abhaile é. “Anois nó riamh” arsa Máire, “ná h-abair faic a Mham, bead-sa sa beárna roimh san aríst.” Bhí siopa mór ag driothair an tighearna sa bhaile mhór agus is ann a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1542: The Clever Boy
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Cróinín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Lackabane, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Aindrias Úa Seaghdha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dún Chaoin, Co. Kerry