School: Clochar na Trócaire, Sligeach
- Location:
- Sligo, Co. Sligo
- Teacher: An tSiúr Aibhistín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do'n Aingeal Coimhdeach
A aingil Uasail,
Gluais liom mar ghárda:
Chun an Rí tóg suas mé
Ó'n uair se go lá mo iré
Coingbhigh uaim an sluagh.
Na deamhain atá ar mo thaobh
Tabhair uatha me in do chuideachta féin
In Ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh . Ámen.Ag Dul ar Turas
Ar choimrighe Dé is Mhic Duach is Mhic Dara thú , is go dtugaidh siad slán abaile thú.Aisling Mhuire
Codladh seo ort , a Mháthair?
Ní h-eadh, a Mhic na Páiste , acht aisling
Cé'n aisling í féin , a Mháthair?
Go bhfuil tusa ' do sciúrsáil.
Bo chúinnéail, ' do cheangail do postaibh cloiche glaise,
Go bhfuil do chuid fola céasta in a sruthán leat síos."
Is fíor sin , a Mháthair. Ar té a dearfadh t'aisling trí h-uaire ar luighe dhó , ní baoghlach dó pianta(continues on next page)