Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Killorglin, Co. Kerry
Múinteoir:
Ml Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 371

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 371

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 371
  3. XML “Beith an Chrocaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Beith an Chrochaire.
    Cúig míle nó mar sin ar a'dtaobh thiar theas de Cill Fhorglan tá loch breagh deas ann, 7 Loch Cárthaighe is ainm do.
    Tá tig mór ósta anois ann, 7 cúpla céad slat ar a' dtaobh thoir de tá bhoithrín go dtugtar air "Boithrín a'Steóir (Store).
    Ag bun an bhoithrín seo ar bruach an locha tá uaigh le fheiscint, nó rian de pé scéul é, 7 is é an cúntas a bhaineann leis:
    In aimsir Mhic Cárthaigh Mhóir bhí daoine 'na gcomhnuidhe ag ceann siar an locha: se Mhuintear Mhuircheartaigh a b'eadh iad.
    Comán Carthaighe ainm na h-áite.
    B'éigin doibh súd cáin i bhfuirm blonaigh 7 rudaí eile do dhíol d'on Chárthach, 7 do réir mar is gnath níor mhaith léo ró-mhór an cháin sin in ao'chór.
    Tháinig fear ón gCárthach ortha lá ag iarraidh cána, ach má tháinig féin ba bheag an tairbhe dhó mar cuaird in aistir a chuir sé air féin.
    D'imthigh leis go h-airighthe 7 tháinig eagla ar na "Buanaithe" é seo an leas-ainm a bhí ar an ndream so, 'neósfad sé scéul dá mháighistir nárbh mhaith leó féin.
    D'imthigheadar ar a thóir gan teip.
    Thánadar suas leis ag bóithrín a'Steóir 7 do chrochadar ar crann beithe a bhí ag fas ann é, 7 ó'n lá san go dtí lá a leagtha, do tugadh beith an chrochaire ar an gcrann san.
    M Ó Donnchadha, P.O.
    Cill Fhorglan.
    ó Eoghan Ó Séaghdha,
    Loch Carthaighe, ná maireann,
    80 bl. nuair a cailleadh é
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    2. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Killorglin, Co. Kerry
    Bailitheoir
    M. Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Killorglin, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Eoghan Ó Seaghdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Lough Caragh, Co. Kerry