Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)

Suíomh:
Cill Orglan, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Ml Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 361

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0434, Leathanach 361

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Killorglin (B.)
  2. XML Leathanach 361
  3. XML “Seán agus an Bás”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seán agus an bás
    1.
    "I mBóthar Luimnighe 'seadh do thárluigh an bás liom
    In a dhuine ghránda is mo dhrom le claidhe
    Do dhruid sé isteach liom agus bheir sé ar láimh orm
    Agus d'fhiafruigh sé de Sheán bocht 'goidé mar taoi?'
    11.
    Táim-se tinn tuartha-lag-dhubhach am' shláinte
    'Ge snaidhm an mhála 'so ar aghaidh mo chroidhe
    Caith dhíot síos é agus tar liom láithreach
    Go Gleann Aoibhinn Áluinn ón áit ataoi.
    111.
    Spás, spás is ná mairbh go fóill mé
    Agus tabhair dhom spás beag ar feadh trí mhí
    Cun go ndéanfaidh mé aithrighe leis an t-Athair Mártan
    An fear is áilne fé Cóta Chríost.
    1V.
    Dá bhfághfá spás uaim ar feadh trí mhí
    Agus a fhaid eile dá bhfághfá arís é
    Mara mhairis riamh do mharfá choidhche
    Ó thosach an chluiche go deire na scríbe.
    Nóta:- Níl é seo criochnuighthe mar tá sé dearmhadhtha ag an tSean-mhnaoi.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Rathaille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    70
    Seoladh
    Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí