Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Killorglin (B.)
- XML Leathanach 349
- XML “Píobaire an Mhála”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Píobaire an Mhála
Píobaire a b’eadh Seán Ó Digín agus bhí comhnuidhe aige in áit a dtugtar Muing a’Phúca air in aice Locha Cárthaigh i g-Ciarraidhe. Chóimh ina san de phíobaire a bhí ann ná bíodh aon t-saghas spóirt ná caitheamh aimsire ná pléaracha i ngiorracht deich míle dhe ná bíodh sé ann. Bhí an oiread san éilimh ar chuid ceóil gur dubhradh go bhféadfadh sé fiú na h-éiníní féin do mhealladh anuas de's na crannaibh. Bhí pósadh na bainis (bainfeis) ‘sa Rinn ar siubhal Oidhe Máirt na h-Inid uair agus nídh nách iongnadh níor bhfoláir do Sheán a bheith ann. Fé mar ba gnáthach le’n t-am sin ní raibh aon easbaidh bidh ná dighe ann – “Úr gach bidh agus sean gach dighe.” I ndeire na h-oidhche do bhog Seán abhaile leis agus thóg sé ar chómhngar thoir Ceann a’ Braoí áit go raibh cloch mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Donnchadha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí