Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 094

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 094

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 094
  3. XML “Scéal na Dreancaide agus an Feirmeoir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    94/
    Seana-bhean annsan agus í a díol cruithneachtan, agus é ag imeacht saor aici. Do theastuig roinnt de’n chruithneachtain ó’m mháigistir, ach cá gcuirfinn í, b’shin í an ceist, mar ní raibh aon mhála agam.
    Láithreach bonn chuimhnigheas ar chroicean na dreancaide, agus thairrigeas chúgham é, agus dúbhairt leis an seana-mhnaoí lán mála do chur isteach ann. Do dhein sí amhlaidh, agus chuireas ar mo dhrom é agus seo liom a triall ar mo mháighistir.
    Do chuireadar a’beirbhiú í, agus nuair bhí sí beirbhighthe agus a ndóithin ithte ag gach éinne sa tig di, do tugadh an fuighleach den chráin muice a bhí sa tig.
    Taréis tamaill do thosnuig an chráin ag at, agus d’órduig an feirmeóir dom féin í thíomáint amach agus síos suas ar an mbán amuigh. Do dheineas amhlaidh agus taréis tamaill, an diabhal di a dhuine chóir, ná gur chaith banbh muice uaithe, agus dar an leabhar a dhuin’ uasail ní raibh aon oighre ort-sa ach é.
    “Tá an diabhal de dearg-éitheach agat[,] a bhligeáird”, arsa fear a Mhullaig. Má gheibhim focal eile uait amach as do bholg, brisfidh mé do chorrán”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eogan Ó Néil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    An Tír Íochtarach, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Seán Jack Ó Bric
    Inscne
    Fireann
    Aois
    84
    Seoladh
    An Tír Íochtarach, Co. Kerry