Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 052
- XML “Scéal Eile ar na Murúchaibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó do mhair san Mhachaire i gCorca Dhuibhne iascaire a bhí go fuar agus go dealbh.
Bhí triúr clainne aige - beirt mhac 's ingean; agus do cailleadh a máthair nuair bhíodar san féin ana óg.
Bhíodh sé a' tuilleamh roinnt bheag airgid, ar iascach 'na naomhóig bhig féin. Bhíodh glaodhach ar ghleamaig 's ar bhallaig san am san, agus bhíodh sé gach lá breagh nách mór ag cuardach na dóightheanna cois failleach na n-oilean, agus ar an dtalamh salach ó Bhaile Uí Thaidhg go Srón Bhruinn.
Aon lá amháin do choinnibh sé chómh achmuir do'n talamh is d'fhead sé mar bhí mairceiréil ag leanamhaint an t-saláin chómh fada isteach leis an gcloich, agus theastuig na maircéiréil uaidh ní h-amháin chun a n-ithte ach go mbeidís aige mar bháidhte péardóg chómh maith.
Lá breagh samhraidh dob eadh é agus bhí súile aige le ládáil. Chaith sé amach a chuid líon, agus d'fhan sé annsan sa chor san ar feadh uair' a chluig sar ar chuimhnig sé ar iad do tharrac. Bhí an lá chómh ciúin sin, gur shín sé siar, agus léig sé de'n naomhóig a bheith a tarrac léithi ar an dtéad cinn lín. Tar éis uair a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peig Ní Dhéadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Pádruig O' Morda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89