School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 093
- XML “Scéal na Dreancaide agus an Feirmeoir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)93/
“Is amhlaidh a dheinimid uanaidheacht ar a chèile nuair a bhímíd á’ bhaint, bíonn an coirce chómh trom-san. Tá beirt eile driothár agamsa, agus is amhlaid[h] a bhainneann an driothár críona an chéad sraith, annsan baineann an tarna driothair an tarna buille, agus bíonn an triomhadh buille agamsa: agus bímíd mar sin a rith an lae. Bímíd chómh traochta-san indeire na seachtaine go mbíonn an donas de leisce orainn eirighe gach maidean Domhnaig. An turas deireannach dá rabhamair a’ baint ag feirmeóir annsud, bhíos féin chómh traochta-san ná h-eireóchainn in a’ chor an Domhnach so, chun dul ar an aifreann mar a mbeadh gur bh’éigean dom é ag rud éicint a bhi am’ phriocadh sa leabaidh. D’eirigheas ar deire agus chuadhas fe dhéin an t-séipéil; ach díreach agus me a dul doras an t-séipéil isteach do phreab seibineach de dreancaid anáirde ar mo ghualain. Do dheineas iarracht ar bhreith uirthi, ach do léim sí sa spéir agus d’fhág sí a croicean na diaidh, agus ní raibh agam le déanamh ach é filleadh na chéile ’s é chur isteach fé’m chasóig.
Nuair a bhí an t-Aifreann ráidte, do thánag amach ar an sráid. Bhí(continues on next page)- Informant
- Eogan Ó Néil
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Chiarraí
- Informant
- Seán Jack Ó Bric
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- An Tír Íochtarach, Co. Chiarraí