School: Luachair (roll number 10045)

Location:
Lougher, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 149

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0427, Page 149

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Luachair
  2. XML Page 149
  3. XML “An Rí agus A Dháréag Iníon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    aca súid. Beidh siad siad cómh muinteardha leat gur dóigh leat go bhfuuil ana chion aca ort. Tabhairfaidh an duine seo deoch milis annsan duit cun é ól. Sgaoil gach braon de isteach i bpóca atá san aprún agus ná leig aon bhraon de isteach id' bholg. Leig ort annsan go bhfulir id'chnap codhlata. Thiocfaidh duine dhíbh annsan le coinneal a bheidh ag lasadh agus dógfaidh sí nác mór a súile asar feucaint an bhfuilir na codhladh ach ná chorruig. Bheidh siad sasta annsan. D'imthigh sé leis go dtí pálás an ríogh. Do thuit gach rud amach fé mar dubhairt an bhean leis. Do thugadar deoc dó agus annsan do fhuaireadar coinnel agus do dhóigheadar na súile as nách mór ach níor chorruig sé. D'osghaileadh poll dóibh i láir an t-seómra. D'imthig an cailín ba shine dhíobh síos an dtúis agus mar sin dóibh go dtí gur cuaidh an ceann a b'óige síobh síos ar deire.
    Thógh an saighdiúir an aprún de agus chas sé timcheall a chinn é agus ní raibh aon radharc ag na mná air as san amac. Do lean sé síos iad agus níor bhraitheadar é. Do bhí rígh eile fé talamh agus bhí dhá - réag mac aige. Do bhiodar tarraicte suas ar bun staighre a bhí na mná tar-éis teact as. Do chuaidh an bean ba shine suas leis an bhfearr ba shine agus mar sin dóibh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0306: The Danced‑out Shoes
    Language
    Irish
    Informant
    Pádruig Raoghal
    Gender
    Male
    Age
    c. 78
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Lougher, Co. Kerry