School: Luachair (roll number 10045)
- Location:
- Lougher, Co. Kerry
- Teacher: Ml. Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Luachair
- XML Page 147
- XML “Sclábhaithe an Leitriúigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)seasamh 'na coinnibh. Do chaith sé isteach é agus do chuaidh sé isteach. Nuair a chuaidh sé isteach tháinig iongnadh agus buile air nuair a chonnaic sé beirt fhear i dteannta a mhnaoí. Do chuaidh sé timcheall an bhotháin go dtí go bhfuair sé tuagh. Do thóg sé suas an túagh.
Do bhí sé chun an ceann a bhaint dhíbh nuair a chuimhnigh sé ar an tríomhadh comhairle a thug a mháighistir do síos i Luimneach. Annson do chaith sé an túagh uaidh. Do rug sé ar srón a mnaoí is d'osgail sí a dhá shúil is d'fheuch sí suas air le h-iongnadh. D'fhiafruig sé dí cérbh iad an bheirt fhear a bhí sa leabaidh 'na dteannta. Ná aithnigheann tú do bheirt mac ar sise. Ní aithnighim ar seiseann. Dúisigh suas iad arsa an fear. Chuir sí suipéar á ullmhú láithreach. Chuaidh sé go dtí na málaí agus thóg sé amach a thrí bhulóig aráin. Cuireadh ar an mbórd iad. Thuit tuarasdal bliadhna amach as gach aon bhulóg. Bhí suipéar mór aca an oidhche sin. D'innis sé an scéul go léir dá mhnaoí do bhí a dhóthain airgid aige annsan. Do thógadar tigh breágh nua agus do bhí ana shaoghal aca as san amach.- Informant
- Pádruig Raoghal
- Gender
- Male
- Age
- c. 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Lougher, Co. Kerry