Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tímcheall i lár an lae aimsir an ghorta agus díobháil éigin a dhéanamh leis na cómharsain cún go dtógfaidhe iad agus go gcuirfidhe i bpríosún iad áit a bheadh rud éigin le n-ithe aca. Do bhí mórán daoine bochta ag gabháil tímcheall ag lorg déirce. Do théighidís isteach i dtig is dá mbeadh císte ar an dteine thógaidís é agus do rithidís amach leis. Do chuaidh duine isteach i dtig lá i mBaile Móir. Bhí císte ar an dteine agus do thóg sé leis é. Cúpla uair a cloig ina dhiaidh san fuaradh marbh é i ngarraidhe cois an tíghe. Deirtear go n-ith sé an císte ar fad agus gur mharbh sé é mar ná raibh sé leath bacálata. Do tháinig an dubh ar na gais agus do luibh na práta ins na poill chómh maith agus aoinne go raibh na prátaí istig i seómraí aca do luibh siad leis ortha. Deir mórán sean daoine luibh na prátaí i bpoll agus ins na seomraí an aon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Kerry
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Muileann an Ghlíomaigh, Co. Kerry