Scoil: Ceanntrágha (Ventry)

Suíomh:
Ceann Trá, Co. Kerry
Múinteoir:
Donncha Ó Cúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 426

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0423, Leathanach 426

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
  2. XML Leathanach 426
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr ingean aici.

    Bhí bean ann fadó agus bhí triúir inghean aici. Nuair a bhíodar timcheall sé bliadhna fichid d'aois do phósadar le tiúir feirmeóirí. Do phós duine díobh le feirmeóir go raibh féar dhá bhó dhéag aige agus duine acu le feirmeóir go raibh féar cúig mba aige agus an duine eile le fear go raibh fear ocht mba aige.
    Níor eirigh go ró haith leis an mnaoi go raibh an féar dhá bhó dhéag aici mar do cailleadh ana chuid des na ma ortha agus bhí ag eirighe go hana mhaith leis an mbeirt eile. Nuair a bhíodar pósta ar feadh sé mbliadhna nó mar sin bhíodar ana bocht agus bhí ana chuid fiacha ortha agus ní rabhadar ábalta as iad a dhíol ach thugadh an siopadóir cáirde dhóibh mar bhí fhios aige go rabhadar bocht agus dá mbeadh an tairgead acu go ndíolfaidís iad.
    Nuair a bhí lá an cíosa ag teacht ní raibh airgead agus pingin ruadh acu acu ach dúbhairt a bheal le fear an tighe an bhó mhór dhearg a thabhairt ar an aonach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tadhg Ó Chonchúbhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    43
    Seoladh
    Mám na Gaoithe, Co. Kerry