Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Leathanach 457
- XML “Sprid na Pípe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí ana dhúil idtobac aige. Do chualadh sé go mbíodh sprid ag gabháilt an bóthar gach oidhche ar a dó - dhéag a chlog agus go mbíodh píp tobac ag ól aice agus gach aoinne a chíthfid í do thuitidís marbh.
Do chuaidh an fear go dtí an bóthar aon oidhche amháin agus ar a dó dhéag a clog do chonnaic sé chuige í agus deatach ag eitighe san aer ar nós trean. Nuair a tháinig sé inaice leis d'iarr sé gal uirthi agus do tug sí dho é. Nuair a bhí sé á tabhairt thar nais dhúbhairt sé "beannacht Dé leo anam" "is tuse an chéad duine a dubhairt ó sin agus anois tá m'aman slán" ar seise. Do thug sí an píp do ansan agus dúbhairt sí leis go mbeadh an píp lán i gcómhnuidhe ach gan é do tabhairt d'aoinne eile mar go mbeadh an pip lán i gcómhnuidhe ach gan é do tabhairt d'aoinne eile mar go mbeadh an buadh caillte aici. Do bhíodh a dhóithin tobac aige as san amach agus do bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Na Buachaillí Scoile