School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 427
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí bean ann fadó agus bhí triúr ingean aici.”
(continued from previous page)agus go mbfhéidir go bhfagadh sé oireadh uirtha agus a dhíolfadh an cíos dóibh.Nuair a tháinig lá an aonaigh d'eirigh fear an tighe ana mhoch ar maidin agus nuair a bhí sé ullamh chuir sé téadán ar adharca na bó agus chomáin sé leis í. Nuair a bhí sé timceall leath mhíle ón margadh bhí air gabháil tré choill agus nuair a bhí sé istigh i lár na coille tháinig fear ana bheag chuige a bhí timcheall dhán throigh ar aoirde agus d'iarr sé do cad a bheadh uaidh ar an mbó bhréagh sin agus dúbhairt sé go mbeadh fiche púnt uaidh uirthe. D'iarr an fear bead do an dtógfadh sé an bosca tabac seo agus tháinig fearg ar an bhfear chuige nuair a chonnaic sé luach na bó ach dúbhairt an fear beag leis go mbeadh aithreachas air dá dtógfadh sé an tairgead i n-ionadh an bhosca. Do thóg an fear an bosa agus dúbhairt an fear beag leis gan é d'oscailt go ragadh sé abhaile mar go dtiochfadh ana iongnadh air. D'imigh sé abhaile agus nuair a bhí sé ag teacht i dtreo an tíghe aitreachas air an bosa a thógaint mar cheap sé gurb amhlaidh a dhein an fear beag amadán do agus go mbeadh fearg ar a bhean chuige mar cheapfadh sí gur le(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ó Chonchúbhair
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Address
- Mám na Gaoithe, Co. Chiarraí