School: Ceanntrágha (Ventry)
- Location:
- Ceann Trá, Co. Kerry
- Teacher: Donncha Ó Cúrnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceanntrágha (Ventry)
- XML Page 488
- XML “Rásúr an Leasa”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhì beirt dearbhrathár in a gcómhnuidhe i n-Dhún-Chaoín uair. Ní raibh fód de thalamh na h'Éireann acu agus bhíodar bocht dealbh. Dúbhairt duine acu na beadh san amhlaidh, agus go raghadh sé féin ag lorg a fhoirtún. Lá áirighthe d'éirigh sé ana mhoch, chuir sé chuige lón agus bhailigh leis. Shiúbhlaidh sé go breágh, bhog, socair, agus bhain sé an Daingean amach tímcheall uair meadhon lae. Ar a dhul síos do bhí árthach mór agus adhmadh ínnte tagaidhthe isteach go calaidhthe an Daingin. D'imthigh sé fé dhéin an chalaidhthe ag lorg oibre. "Ach mo chreach ní bhfuair". Bhailigh sé leis arís agus é go brónach buadhartha, fé dhéin Tráighlí. Nuair a bhí sé tamall amach ó'n n'Dhaingean, shuidh sé síos ar thaobh an bhóthair agus d'ith sé pé lón a bhí aige. Gheallaim duit ach ní bhaineann sin lem sgéal. Siúd leis arís ar bhog shodair mar bhí eagla air go mbéadh an oidhche aige sar a mbainfeadh sé Tráighlí amach. Nuair a bhí sé ag déunamh isteach ar Tráighlí bhí sé cortha traochta agus na glúine ag lúbach fé. Shúil fheucaint dá dtug sé isteach sa choill(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Gairbhíadh
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Chótaigh, Co. Kerry