Scoil: Druimín (uimhir rolla 9438)
- Suíomh:
- Drummeen, Co. Leitrim
- Múinteoir: Tomás Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druimín
- XML Leathanach 170
- XML “Scoil Náisiúnta Mullach Breac a Bhí i nGort an Iúir - 1871-1891”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgoil Náisiúnta Mullach Broc a bhí inGort an Iubhair 1871 - 1891
Fosgluigheadh an sgoil seo 1871. Matias Ó Caisín agus Máire Nic Giolla Riabhaigh (bean Séamus Ó Coinneagáin) a bhí ag múineadh ann eisean mar príomh oide ise mar congantóir(?)) Seo an bheirt ceadna a bhí ag múineadh i Druimín.Ní'l an sgoil seo acht ceathramhadh míle ón sgoil Náisiúnta atá i láthair na huaire iDruimín. Tá sé ceithre míle ar an dtaobh thoir de Maothail. Tá fothrach na sean sgoile ann fós. Tá sé giota beag isteach ó bóthar beag ó Druimín go (Cuam ee) Cloonee. Teach clocach a bhí ann 40 troigh ar fhaid 18 troigh ar leithead agus 9' ar aoirde. Ceann tuighe a bhí air. Bíodh cios £1 san mbliadhain dá ioc ag W. H. White Esq. mar gheall air. Bhí comhnuidhe ar an bhfear seo i Drumharken Glebe in aice le Cluain. The Grange a tugtar ar an teach a bhí aige.San mbliadhain 1883 bhí 154 páistí(leanann ar an chéad leathanach eile)