School: Baile a' Mhuilinn (Cailíní)
- Location:
- Milltown, Co. Galway
- Teacher: Siobhán, Bean Uí Dholáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mé in mo chomhnuidhe i bparaiste Baile an Mhuilinn. Baile an mór seadh é. Tá suas le caogad bailtí ins an paroíste. Seo cuid de ainmneacha na bailtí, Iomra Claidhe, Poll an Tuiric, Cill Ernín Druim, Pairc Ruadh, Cill Cluinigh agus mar sin de.Tá mé in mo comhnuidhe in Íomra Claidhe. Baile mór seadh é. Tá suas le ceathar déag tighte ins an baile agus tá suas le seasga daoine ann. Bhí fear ins an baile seo fadó agus bhí duíl mór aige i gcártaí. Lá amháin ní imreóchadh aoinne leis agus dubhairt sé "Imir a claidhe" agus deirtear gurb sín é an fáth a cuireadh an ainm san ar an baile.Tá suas le ceithre míle daoine ins an paraiste ar fad. Tá go leor rudaí stáireamhla le feiscint ann. Tá trí muilinn ins an pharaiste. Tá ceann i mBaile an Mhuilinn agus deirtear gur fuair an baile a ainm as san. Tá ceann eile i mBaile an Ruiséil agus ceann eile i Connachar. Is é fear darabh ainm Ó Gradhaig a chuir an mhuilinn i mBaile an Mhuilinn ar bun. Ba le fear darabh ainm Nich Fheoiris (?) an muilinn i mBaile an Ruiséil. Is é fear darab' ainm Cuinn a chuir an mhuilnn ar bun i Connachar(continues on next page)
- Collector
- Sighle Ní Néill
- Gender
- Female
- Address
- Ummeracly East, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Neill
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Ummeracly East, Co. Galway