School: Naomh Séamus (Freeport)

Location:
An Chéibh, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Maolruanaí
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 348

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0030, Page 348

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Séamus (Freeport)
  2. XML Page 348
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal Grinn
    Bhí bean ann fadó agus bhí triú[r] mac aici agus an lá seo dubhairt an mac ba sine go dtiocfa[dh] sé fhéin amach ar lorg oibre. Agus dubhairt an dara mac go ra[chadh?] sé fhéin amach ar lorg oibre, agus (dubhairt) an mac ab óige níor chorruigh sé as an luaith. Ní raibh an beirt mac eile lághach ariamh leis an dearbráthair ab óige. Nuair a bhí an céad mac ag imtheacht dubhairt an máthair leis. "Cé bhfearr leat an builí[n] beag agus mo bheannacht, nó an builín mhór agus mo mhallacht."
    "O tabhair dom an builín mhór agus is cuma faoi do bheanacht." Annsin dubhairt an dara mac go raibh sé féin ag iarraidh rud eicínt agus d'iarr an máthair cé bhfearr leat an builín mór agus mo mhallacht nó an builín be[ag] agus mo bheannacht, "tabhair dom an builín mór cé'n mhaith do bhean[n]acht. Annsin d'éirigh an triomhadh mac agus dubhairt sé, "ní bheidh mise annseo." Annsin d'iarr an mháthair dó an rud céadhna agus dubhairt sé "tabhair dom an builín bheag agus do bheannacht." Bhí an triúr aca ag imtheacht agus dubhairt an céad dearbhrátháir go marbhochadh siad Tomáisín, "ní h-eadh adeir an dara mac acht cuirfimíd isteach i mála é cuirfimíd rópa ar an mála agus ní fhéadfadh sé corruighe."
    Rug siad ar Tomáisín agus chuir siad Tomás bocht isteach sa mála agus rith siad. Chuir Tomáisín a lámh in-a phóca agus ghearr sé an mála. Ní raibh siad acht cúpla míle imthighthe nuair a tháinic Tomáisín comh leo. [!] Bhíodar ag siubhal annsi[n] go dtáinic siad comh fada le teachín beag ar leath-taobh an bhóthair. Nuair a chuaidh siad isteach chonnaic siad bean beag agus ceithre
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0327: The Children and the Ogre
    Language
    Irish
    Informant
    Dominic Ó Fhaodhagáin
    Gender
    Male
    Age
    44
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Chéibh, Co. Galway