Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 023
- XML “Conchubhar agus an Dá Chaora agus an Uascán”
- XML “An Leasmháthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an gcuid eile é agus is beag nár mharbhuigh sé iad. Sheol sé roimhe iad annsin go dtí pálás an Ríogh, Nuair a bhí sé ag dul thar theach cailleadh cearc. Bhí bean óg ' na suidhe ag an teine. F'fhuagair Conchubar uirthi a dhul amach agus an geata oscailt do na chuilm. Nuair a chonnaic sí sin na cuilm tháinig faithchíos uirthi agus rith sí isteach abhaile. "Ní bhfuair an sionnach ariamh aon theachtaire a b'fhearr dó ná é féin" ar seisean. D'fhág sé na cuilm annsin agus d'oscail sé an geata. Chuaidh sé abhaile annsin, agus nuair a tháinig sé, dubhairt an Rí go raibh an madra allta ag marbú na gcaorach agus dúbhairt Conchubhar go ngabhfad sé féin ag faire na gcaorach. Chuaidh & agus mharbhuigh sé an madra allta. Tháinig sé abhaile go dtí an Rí agus dúbhairt sé go mharbhócadh sé an Rí mara mbáitfeadh sé a bhean agus go bpósfadh sé a mháthair. Chuaigh an Rí ag báitheadh a mhná agus choinnigh an bhean greim air agus baítheadh an bheirt.
- An Leas-Mháthair
Bhí fear ann fadó a bhí inghean agus mac aige. Cailleadh an bhean agus phós an t-athair aríst. Bhí an leas-mháthair an-olc leis na gasúir agus oidhche amháin d'fhiafruig sí de'n fhear cé'n t-slighe mharbhta a gcuirfidís ar na gasúir. Dúbhairt an fear nách raibh fíos aige.
Lá amháin chuaidh an fear agus an bhean agus na paistí isteach sa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ainmneacha eile
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Camas Uachtair, Co. Galway