School: Oileán Iarthach
- Location:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Oileán Iarthach
- XML Page 344
- XML “An Tarbh Breac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé le bheith marbh lá ar na máireach agus nuair a bheadh é baint trí stiall de agus go mbeadh a neart aige go deo.
Rinne an buachaill sin agus chuaidh sé ag obair ag fear eile agus sé ar sórt oibre a bhí sé déanamh ag tabhairt aire do beithidhigh mar bhí trífhathach gar d'on áit a raibh siad. An chéad lá leag sé cliadhe an chéad fhathaigh agus sgaoil sé na bheithidhig ann. Is gearr go dtáinig fathach amach chuige agus thosuigh siad ag
Dubhairt sé le "neart an tarbh brich" é a mharbhughadh agus mharbhuig sé é.
An dara lá chuaidh sé go dtí an dara fatach agus mharbhuigh sé é le "neart an tarb" agus an tríomadh lá rinne sé an rud céadna. Annsin bhí na trí fathaigh marbh aige.
Uair sa mbliain thagadh dragún ón bhfairrge le ingean an rí a shlúgadh.
Bhíodh na daoine uilig ann agus dubhairt an fear leis an ngasúr dá mbeadh sé ann go mbeadh sé marbh ag daoine. Ach nuair a bhí siad imthighthe chuaidh sé go dtí teach an céad fhathaigh agus ghléas sé é féin agus thug sé leis an capall ab'(continues on next page)