Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. Galway
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Ciste Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i nDoire an Fhiadh uair amháin agus chuir sé ór i bfolach ar leath taobh an bhóthair agus ní raibh fhios aige cé’n áit a chuir sé é. Bhí sé ag imtheacht d’á chuartadh nó gur casadh fear as Béal an Daingin air a bhí ag dul an bóthar agus dúbhairt sé leis dhá dtéigheadh sé ar thóir an óir agus é fhághail go dtiúbhradh sé a luach go maith dhó. Chuaidh an fear ag cuartúghadh agus ba gheárr a bhí sé ag cuartúghadh go bfacha sé bosca istígh i sgailp sa gclaidhe agus thóig sé amach é agus bhreathnuigh sé síos ann agus bhí sé lán go béal lé óir.
    Tug sé den fhear an bosca agus ní bhfuair sé de luach saothair as acht leath choróinn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge