School: Ros Cathail (Buachaillí)
- Location:
- Rosscahill, Co. Galway
- Teacher: Mícheál Mac Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)feidir a bhaint amach go dtáirno sé amach é.
Ní maith leis na daoine na luchain mar míleann siad go leor arbhair agus fataí. Ta sceal innsíghthe faoí an caoi a rinneadh an céad luch. Lá amain nuair a bhí Naomh Peadair ag ithe a dhinneár, bhí piosa feóla fágthai aige. Cuir sé faoí mias e agus dubhairt sé leis an g-cailín aimsire gan é a chorruigh. Bhí an cailín fiosrach agus d'árduigh sí an mias agus rith luch amach as rith an cat in-dhiaidh na luiche ach nior mharbhuig sé é. Bhí an cailín ró-fhiosrach agus atruigheadh an piosa feola go luch.
Ainmhidhthe beag nimheach é an easog. Marbhuigheann sé coiníní agus franncaigh agus olann sú a gcuid fola. Tá scéal innsighthe faoí franncach agus easóg a bhí ag troid. Chonnaic fear iad agus bhuail sé buile dá chois ar an bhFhranncach d'ionntuig an franncach thart agus bhain sé greim nimhneach as cois an fhir(continues on next page)- Collector
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Gortnagroagh, Co. Galway
- Informant
- Seán Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- c. 59
- Address
- Gortnagroagh, Co. Galway