School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 233
  3. XML “Éan na gCleití nÓrga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus d'imtigh leis - an cailin ar chulog agus an t-éan sa gcliabhán óir agus níor togh an capall a chosa an (?) rith gur fhag siad trí scór mile idir iad féin agus an caisleán agus go bhfaca siad an sionnach amach rómpa in a shuidhe i lár an bhothair.
    "Anois" ars an sionnach "Tá do bheirt driathair i nGaillimh imeasg bacach na Cathrach. Má ghlacann tú mo comhairle ní bhacfaidh tú leo - acht más maith leat lámh conganta a thabhairt dóibh ceannuigh cultacha nuadha eadaigh dóibh agus capalla agus tóg leat abhaile iad. Acht má tharluigeann sin cebí sort tart a bheas ort ná tar anuas den capall go racaidh tú abhaile agus slán leat anois go foill. Tá suil agam nach mbeidh mo chongnamh ag teasdail uait nios mó."
    D'imthigh an buacaill ar a chapall, an cailin ar chulóg, agus an t-éan, éan na gcleití mór san gcliabhan oir ar dhruim an bhuacaill. Shroicheadar Gaillimh agus chonnaic Mac an Riogh a bheirt dhriathair in a seasamh le bacaigh na Cathrach. Labhair sé leo agus nior aithnigh siad é. D'innis sé dóibh annsin gurbe feín a bí ann. Cheannuigh sé capalla doib agus cultacha eadaigh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Informant
    Tadg Ó Laidigh
    Gender
    Male