School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 122
  3. XML “An Bealach faoi Thalamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá uamh talmhan sa bPolach, i Roscathail, Co. na Gaillimhe. Níl beal na huanach le fhail amach go h-easgaidh anois mar tá sgeacha agus driseacha fás ann go fluirseach. Chuala mé go mbiodh faitchios ar na daoinibh fado dul isteach san uain, nu dhul i n-aice leis an ait chor ar bith. Bhí beirt fear san ait agus chuadhadar isteach san uain uair. Cuireadh sgannradh ortha agus thainic siad amach go tobann as an uain. Thugadar comhairle do mhuinntir na h-áite gan aon cheist a cur ortha faoi an uain, agus gan a dul i n-aice leis, nu isteach inntí a bheag nu a mhór. Tá sé raidhte gur dhunadar suas beal na h-uanach in a dhiaidh sin. Níor innsigheadar ríamh ceard a chonnaic siad istigh ann.
    Tá uain eile, nu slugaire achairin beag uaithi. "Pollín an Phíobaire" a tugtar air. Deirtear go mbíodh piobaire sidhe le cloisteáil ag seinnm ceoil san uain seo fadó. Tá pól uisge i n-aice leis agus bhiodh an bhean sidhe le feiceal ann go minic fadó.
    Tá uain eile i nGarrdha na Groigh agus ceann eile i nGort na hUanach. Tá an ceann seo ag síneadh ó Ghort na hUanach go dtí Cor na Seilistrum, mile go leith ar fhaid.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Pollagh, Co. Galway