School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 121
- XML “Coirnéal Máirtín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a coinneál.Lá eile a ndeacha an Mairtíneach isteach i dTeach Osda i nGaillimh. Bhí cota mór breidin air. Bhí dream Sasanach agus strainséirí istigh roimhe i Seomra an Bhidh. Chonnaic siad é ag teacht isteach agus a dul suas an staighre ag a seomra féin. Ní raibh aithne aca air , agus dubhradar go mbaineadh siad geit as, agus go n-iomreóchadh siad cleas air go bhfeicfeadh siad cen sort duine a bhí san "bfeilméar mór as Conamara."Thug duine aca a uaireadóir do bhuacaill aimsire an Mhairtínigh, agus dubhairt sé leis
"Seo, a ghiolla, tóg suas an uaireadóir seo do do mhaigistir, agus fiafruig dhe cén t-am é."
Rinne an ghiolla mar adubhradh leis. Glac an Mairtíneach é. agus nuair a dith sé a dhinnear chuaidh sé síos an staighre a claidheamh in a láimh aige, agus an t-uaireadoir ar a bhior.
Shiubhal sé timceall ag fiafruighe cé a mba leis an uaireadoir. Níor labhair aoinne. D'ionntuigh sé thart sa deire agus labhair sé le Tadg "Ní doigh liom gur le duine ar bith don spriosain seo i láthair an t-uaireadóir seo. Coinnigh dhuit féin é, a Thaidg."Toghadh fear gunna agus claideamh a bhí san Mairtíneach.