School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 228
- XML “Éan na gCleití nÓrga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé í acht bhain an t-urchar cleite oir aisti. Thug sé sin don Righ agus thug seisean capall agus míle punt dó agus rinne sé an margadh ceadna leis a rinne sé leis an mac ba shine agus leis an dara mac.Maidin lá ar na bharach d'imthigh an mac do b'óighe leis ar a chapall, a ghunna in a láimh agus an t-airgead míle punt 'na phóca aige. Ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh an sionnach leis agus d'fiafruigh sé (an sionneac) de ar theastuigh comhailre mhaith uaidh."Teastuigheann, agus go géar" ar seisean 'mar taím i gcruadhchás ar easbaidh chomhairle agus eolais.""Tá go maith" ars an sionnac "Seo í an chomhairle, na deán aon mhoill i nGaillimh agus seacan teach an óil agus teach na gCearrbhac. Bhearfaidh mise congnamh dhuit má fheadaim."Acht níor ghlac an fear óg comhailre an tsionnaigh agus chaill sé a raibh aige i dteach na gCearrbhac i nGaillimh. D'imthigh sé annsin ar a aistear i dtreó Orain Mhóir de shiubhal cos.Casadh an sionneach leis agus ghearán sé do nuair nár ghlac sé a chomhairle. Chuir sé suas ar a dhrui annsin é agus d'imthigh an sionnach 'na cos in airde soir.Faoi cheann tamaill thainig siad go dtí Caisleán Mór. Dubhairt an sionnach(continues on next page)
- Informant
- Peadar Ó Concubhair
- Gender
- Male
- Informant
- Tadg Ó Laidigh
- Gender
- Male