School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 227

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 227

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 227
  3. XML “Éan na gCleití nÓrga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    D'imthigh an mac ba shine lá ar na báireach agus ag dul tré Gaillimh dó chuaidh sé isteach i dteach ósta áit a raibh go leor daoine uasal ag imirt cardaí ann. Thóg sé láimh sa gcluiche agus le sgeul fada a dheunamh gearr nior sheas sé suas on imirt go raibh an capall, an diallaid agus an míle punt caillte aige. B'eigean dó imtheacht amach annsin ag coinneál suas ballaí na cathrac leis na bacaigh. Ba ceart dom a radh gur chas sionnach leis ar an mbealach ón gcaislean go Gaillimh agus d'fiofruigh an sionnach de an raibh comhairle ag teasdail uaidh. Sé an freagra a thug sé don sionnach é chaitheadh leis an gunna.
    Cuireadh an dara mac ag gárdail ar an ngarrdhaí an dara oidhche agus thuit an rud ceadna Tugadh capall agus míle punt dó lá ar na bhaireach agus d'imthigh sé ar an aistear ceudna. Casadh an sionnach leis agus chaith sé é. Chaill sé a raibh aige direach mar a rinne an mac ba shine Bhí beirt mhac leis an Righ annsin ag tochas a ndruim le ballaí na Gaillimhe.
    Chuir an Rí an ba do bóige amach an triú oidhche. Níor ól seisean moran den uisge beatha agus bhí sé i riocht éan a thainic san ubhallghort a caitheadh. Níor mharbhuigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Peadar Ó Concubhair
    Gender
    Male
    Informant
    Tadg Ó Laidigh
    Gender
    Male