School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 223
- XML “Na Trí Comhairleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)AN TRIÚ COMHAIRLEGan rud ar bith a dheunamh san oidhche go mbeadh aithmhéal air faoi, lá ar na bhaíreach.Siubhal an fear leis agus tar eis tamaill casadh ceannuidhe leis an mbóthar a bhí ag dul ar aistear ar an treó ceadna leis feín. Bhí aithne aca ar a chéile agus siubhaladar sgathamh in eindigh ag seancus agus ag cainnt le ceile leis an mbothar do ghiorrú.Ar theacht dóibh go casan a bhí ag dul isteach i gcoill dubhairt an ceannuidhe leis an seanfhear go mbi eásgaidh dhoib acaire a dheunamh acht leanacht leis an gcasan treasna - bheadh cupla míle sabhailte aca. D'aontuigh an seanfhear leis an gceannuidhe agus bhí a chos leagtha aige ar an gclaidhe nuair a chumhnigh sé ar chomhairle na sean mná deirce. Ní dheacaidh sé treasna; choinnigh sé leis an mbóthar mór agus chuaidh an cheannuidhe an t-acaire in n-aonraic. Chualaidh an seanfhear in a dhiaidh len go raibh gaduighthe sa gcoill. Ghabhadar an ceannuidhe bocht - ghoideadar uaidh an meid airgid a bhí aige agus mharbhuigheadar annsin é. Chuimhnigh an seanfear ar comhairle na sean mná dírce airíst.(continues on next page)
- Informant
- Padraic Ó Laidhigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Rosscahill, Co. Galway