School: Scoil Chuimín (roll number 4786)

Location:
Pollagh, Co. Galway
Teacher:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 224

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 224

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Chuimín
  2. XML Page 224
  3. XML “Na Trí Comhairleacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Ag tuitim na h-oidhche, trom tuirseach shrois an seanfhear teach beag ar thaobh an bhothair. Ghabh sé isteach ann agus tugadh biadh agus deoch dó. Thug sé fa deara gur seanfhear cromtha feásogach a bhí sa teach, agus bean óg pósta aige. Chuimnigh sé airíst ar an gcomhairle a bhfuair sé agus d'imthigh sé amach as an teach gan loistín d'iarraidh. Ní i bhfad a bhí sé i riocht a dhul mar bhí tuirse air. Chuaidh sé isteach i sciobol ar thaoibh an bhothair agus thuit sé na chodladh ann. Le poll lae dhuisigh sé aít ar chualaidh sé torann ag dul thart. Fear óg a bhí ann le tuagh. Chualaidh an seanfhear in a dhiaidh sin gur mharbhuigh sé seanfhear an bhothair agus gur imthigh sé feín agus bean an tsean fhir thar saile. Chuimnigh an seanfhear ar an gcomhairle a bhfuair sé airíst.
    Bhí sé deireannach an triú oidhche nuair a shrois sé a theach fein. Bhí muinntar an tíghe in a gcodladh acht d'eirigh leis an bhfear dul isteach agus ar a bheith istigh do las sé lampa agus thug sé fa deara go raibh fear óg 'na chodladh le na mhnaoi feín. Bhí an tuagh in a láimh aige leis an bhfear óg do mharbu nuair a chuimnigh sé ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0910B: The Servant's Good Counsels
    Language
    Irish
    Informant
    Padraic Ó Laidhigh
    Gender
    Male
    Age
    68
    Address
    Rosscahill, Co. Galway