School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 222
- XML “Na Trí Comhairleacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear oibre ann uair amháin abhí in a chomhnaide i mbothán le na mhnaoi agus le na mhac óg (a bhí in a phaisde an uair sin) ar thaoibh an bhothair. Bhí an fear seo an bhocht agus lá amhain d'fhág sé a theac agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre.Shiubhal sé suim mhór mile sul a bhfuair sé obair. D'oibrigh sé suim bliánta leis an bhfeilméar sul ar dubhairt sé leis an bhfeilméar go raibh sé in ám aige dhul abhaile go bhfeisceadh (?) sé a bhean agus a mhac.Thug an duine uasal seo (an feilméar) a chuid airgid do agus cáca mór agus dubhairt sé leis gan an cáca a ithe nu gan bacadh leis go mbeadh sé sa mbaile. D'fhag an fear beannacht leis agus d'imthig sé. Ar a bhelach abhaile casadh sean bhean leis a bhí ag iarraidh deírce. Tug sé dearc di i n-ainm Dé agus thug sise trí comhairleacha do
AN CEUD COMHAIRLEGan acaire a dheanamh in a thuras
AN DARA COMHAIRLEGan fanacht i dteach go deo nach mbeadh ann acht sean fhear a bhead pósta le mnaoi óigh(continues on next page)- Informant
- Padraic Ó Laidhigh
- Gender
- Male
- Age
- 68
- Address
- Rosscahill, Co. Galway