School: Dubhras (roll number 6319)

Location:
Doorus, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Mearacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0016

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0016

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhras
  2. XML Page 0016
  3. XML “Seanfhocla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    1) Triúr nach féidir a múinadh bean, muic agus múille
    2) Is minic a leag cloch beag fear maith
    3) Ní h-iosall ná h-uasal acht thíos seal 's thuas seal
    4) Sé do mhac do mhac go bpósfar é acht sé do inghean d'inghean go dteighfidh sí san gcré
    5) Nuair a bíos Éire i bpáirt bíonn a leath i láir
    6) Is deacair fuil a bhaint as turnap
    7) Is deacair sean-cheann a chuir ar guailní óga
    8) Ní buan aon rud ar an Saoghal seo
    9) Is dána muic ná gabhar acht sháruigh bean an deabhail
    10) Is fearr teach beag agus morán biadh ná teach mór agus beagan biadh
    11) Éirigh go moch agus beidh tú i n-ám
    12) Is giorra cabhar Dé ná an doras
    13) Is iomdha lá san gcill orainn
    14) Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb
    15) Ná comhair na sicíní go dteagadh siad amach
    16) Is maith sugh bó beo nó marbh
    17) Ná mol is ná cáin tú féín
    18) Tá gach mada dána ag doras a thighe féin
    19) Is fearr cinn ná ceann
    20) Níl neach beo ar an domhan chomh fágtha leis an duine
    21) Is giorra deoch ná sgéal
    22) Dia idir sin agus an t-anachan
    23) Ná bí cruaidh is ná bí bog
    24) Is fearr an troid ná an t-uaigneas
    25) Sguabann sguab nua glan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. proverbs (~4,377)
    Language
    Irish
    Collector
    Úna Ní Fhaoláin
    Gender
    Female
    Address
    Doorus, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Faoláin
    Gender
    Male