Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- Suíomh:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic de Chlár
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bhruac na h-abhann agus duine ar bith a tiubhras cugam í béarfaidh mé dó í le posadh''.
Bhí go maith. D'imthigh an triúr mac agus fuaireadar bád agus gunna. Chuadhar amach ar an abhann go dtí an áit a raibh an t-iolrach. Chuaidh an gaduidhe agus ghoid sé amach an inghean uaidh. Bhí go maith nuair a bhíodar amuigh i lár na habhann chonnaiceadar an t-iolrach os a gcionn agus é ag eitilt anuas orra. Chaith an fobhairéar leis agus thuit sé anuas ins an mbád agus rinneadh an bád ina dhá leith. Chuir an siúinéir le n a chéile é. Bhí go maith. Tháinigeadar isteach slán agus inghean an ríogh aca. Ní raibh fhios ag an righ ce aca an dtabharfadh sé an inghean dó bhí gach duine aca chomh maith le ceile. Mar sin thug sé airgead do gach duine aca agus an inghean do'n gaduidhe le pósadh.
Fuaireas an sgéal seo san Spidéal (1926) Pádraic de Clár- Bailitheoir
- Padhraic de Clár
- Inscne
- Fireann