Scoil: Cathair Loisgreáin (B)

Suíomh:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic de Chlár
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
  2. XML Leathanach 0293
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair atá comhartha báistí ann . . .

    Nuair atá comhartha báistighe ann bíonn an spéar dubh dorcha agus na scamaill dubha ag gluaiseacht san spéir. Deireann na daoine má bhíonn an spéar thoir dearg le eirighe na gréine go mbeidh stoirm ann agus aimsear fhuar fhliuch. Má bhíonn an spéar thiar dearg agus an ghrian ag dul faoi sin comhartha maith deirtear.
    Tá sé ráidhte freisin má bhíonn an spéar go h-íseal agus a bhun síos ar sléibhte sin droch chomhartha.
    Deirtear má bhíonn an ghrían go h-íseal san spéir agus a h-aghaidh clúdaigthe le scamaill sin droch comhartha atá ag teacht; ach má bhíonn sé go h-ard tá aimsear breagh ag teacht.
    Nuair atá fáinne thar timcheall na gealaighe deirtear go bhfuil droch aimsear ag teacht.
    Mun a bhfuil na réalta le feiceál san spéir agus cuid aca ag tuitim go bun na spéire ní comhartha maith é sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Cathasaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cathasaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bheitheach Bheag, Co. na Gaillimhe