School: An Doirín (roll number 11549)

Location:
An Doirín, Co. Mayo
Teacher:
Seán Mac Cárthaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0086, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Doirín
  2. XML Page 147
  3. XML “An tAthair Mánus Mac Suibhne”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag na Caitlicig agus bhíodar ag súil le cabhair thar lear. Tháinic an cabhair agus chruinnigh fir an Iartair i n-éinfeacht leo. Bhí na Frainncigh chun an cabair a cur go h-Eirinn le tamall roimhe seo. Cuireadh Franncac go h-Achaill agus bhí comhnuidhe air i gCartún Achla. Bhí teac aige ar an sliabh agus bhris sé roinnt talmhan. Ta fothracha an tighe sin le feiceál fos ann. Teach an Fhrainncigh a tugtar air.
    Lá amháin bhí Ní raibh fhios ag éinne céard é an gnó a bhí ar siubal aige. Lá amháin bhí duine ag teacht isteach bóthar an Cartun go dtí Achaill ag cuaid an Frainncac amach roimhe ag iarraidhe sgeala air, agus nuair a chualaidh sé go raibh na Frainncigh i dtír i Cill Alaidh dubhairt sé "Má tá ní hí seo m'ait se" Tog sé a chapall agus as go bráth leis agus ní cloistear a a thuille faoí
    Nuair a bí an troid thart dubhairt an Domnallach go raib an t-Athair Mághnus i na ardhcomairleóir ag comairluí Humbert agus a shluaighte agus sa deireadh bí seans aige an sagairt a ghabháil. Thairg sé duais mhór do dhuine ar bith a bhéarfadh ar an Atair Magnus bheo nó marbh. Cuir se saigdúirí, spiadóirí, agus fealltóirí amac ar fud paróiste Achla ar a toir ach sháruig ortha e a fághail amach. Ní ceannochadh an méid óir a bí i Sasana muinntir Achla agus nior tugadar aon faisnéis air, mar bí síad dílis, agus bhí cion aca ar a sagart agus ar a gcreideamh.
    Cuaid an sagart suas ar Sliab Mór agus bí aitreabh annsin roimhe o Dia. Tá teach cloiche, bord agus cataoireaca cloice ann agus ní thiocfadh le aon duine doras an tige d'fhághail amac Ta acra talmhan ar taoib an chnuic chomh pollta le cruathar agus nil duine ar bith ag dul da iarraidh ar fhaitchíos na racadh siad isteach ins an doras ceart agus go gcreaplóchtaoi iad agus nach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish