Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- Glen, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 70
- XML “Scéal fá Íosa agus Muire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeal fá Iosa agus Mhuire.San am fadó nuair a bhí ar Slanuighteoir ar an t-saoghal seo bhí Sé fhéin agus a mhathair agus Naomh Ioseiph ina gcomhnuidhe i dteach beag agus ní rabh mórán airgid aca. Bhiodh an maighdean Muire ag nigheadh eadaigh do dhaoine le airgid a fhaghail. Uair amhain nigh sí eadaigh do bhean amhain agus chuir sé Iosa fa coinne an airgid acht nuair a chonnaic an bhean e ag teacht dhruid sí an doras agus ní leighfeadh sí isteach é. Annsin thainig Iosa arais agus d’innis Sé do a mhathair caide tarluigh agus nuair a cuala sise seo thoisigh sí a caoineadh no ní rabh biadh ar bith san teach acht ní rabh na daoine uilig comh h-olc sin. Thainig bean eile go dti’n doras agus bunnóg arain coirce agus canna bainne léi agus bí athas ar an Maighdean Muire annsin no bhí fhios aice gur Dia a chuir [Chuigi]? é.
- Bailitheoir
- Máire T. Ní Dheorain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glen, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Phaidin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Glen, Co. Donegal