School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 121
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)gur fhoghluim Seán an cheird go maith. “Muna ngoideann sé an stéile as an stábla agus dhá duine dheag a coimhead chaithfear é a cur ‘un báis”. D’innis an t-athar do Sheán caidé bhí le deánamh aige. Dubhairt Seán go rabh se cruaidh go leor ach “baithfidh mé fiaghach leis”.
Oidhche thar na mhárach bhí na fir ag an stábla agus teine aca. I lár na h-oidhche fuair Seán buideál mór uisce beatha. Bhí carn aoiligh san áit. Chuaidh Seán isteach ann agus é ag cur i gcéill go rabh sé ar meisge. Shíl na fir gur muc a bhí ann. Chuaidh cupla duine aca a d’amharc. Dubhairt siad gur fear bocht a bhí ann agus é ar meisge agus gan é abalta corrughadh.
Tharraing siad anall é agus d’fhág é in a luighe cois na teineadh. Chá rabh i bhfad go dtug siad fá deara buideál uisce beatha in a phóca. Dubhairt siad gur b’fheárr dóbhtha é a bhaint dé nó go rabh barraidheacht ólta aige. Tharráing siad amach an buideál agus roinn siad an t-uisce beatha eatorra féin. Chá rabh i bhfad gur thuit siad uilig na gcodladh.
Chuaidh Seán isteach ‘na stábla annsin a’s thug leis an steil. Nuair a tháinig an t-athair isteach lá thar na mhárach chuig na cuid oibre dubhairt an fear uasal nach rabh do char ar bhith dó Sheán ghul leis na gaduidheannaí nó bhí an(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Pádhraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Informant
- Sedhbha Nic Daibhidh
- Gender
- Female