Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)

Suíomh:
Doire Chasáin, Co. Donegal
Múinteoir:
Tomás Mac Fhionghaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1079, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1079, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire Chasáin
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    móin fraoch uirthi a bainfeadh siad ar na chnuic agus sna purtaigh. Bhí píopa de chlocha tóghtha suas leis an bheinn agus thiocfadh leis an toit a ghabháil suas fríd an phíopa agus amach frid poll ar an díon, Bhí an teinidh ar an talamh ag na daoine mar nach raibh grátaí ar bith ann sa'n am. Ní bhéadh ar na toighth acht doras amháin agus bhéadh sé ar aghadh an toighe aca. Nuair a thiocfadh an oidhche dhruideadh siad an doras le clár a dtugadh siad comhla air
    Bhí fuinneóig amháin ar na toighthe agus bhí sí ar an taobh chéadhna de'n teach leis an doras. Ni rabh gloine ar bith sa'n fuinneog aca agus bhí craiceann ainmhidhe ar an fhuinneoig aca agus an fionnadh gearrtha aca de. Bhí rud ar an chraiceann aca agus thiocfadh leis na daoine amharc fríd mar gloine ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Laithbheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal
    Faisnéiseoir
    Domhnall A Siadhal
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Na Dúnaibh, Co. Donegal