School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 231
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí drouer i nÉirinn fadó, agus bhí mac aige a bhí íontach tugtha do'n ól. Lá amháin thug an t-athair ceud bológ agus d'iarr air a dhul anois agus a bheatha a bhaint amach.”
(continued from previous page)i n-ainm Jack, mac an drover as Éirinn. Nuair a bhí na trí laetha shuas, bhí rí ar an bháile ag chuir sé cuireadh ar jack. Bhi nighean ag an rí agus ba mhaith leis cáirdeas a dhéanamh eadar í agus Jack. Rinne an rí agus Jack amach iad pósadh.
Chuaidh Jack go dtí an teach ósta agus d'innis sé do na seanduiní an comhrádh a bhí eadar é fhéin agus an rí. "Na stop do lámh", arsa na seanduiní, "Bíodh nighean an rí agat." Bhí sean chaileach ag an rí. Is fearr duit fiachail a chur ar Jack sul a dtugaidh tú do nighean do. "Tabhair air," arsa sise, " canáile a dhéanamh o'n fhairrge go dtí mo dhoras-sa." Nuair a chuaidh Jack go teach an rí seo an tasc a chur an rí air. Chuaidh jack bocht go dtí na sean-duiní agus d'innis dobhtha caidé'n tasc a chur an rí air.
" Gabh ar aghaidh le do chuid oibre", arsa siad-san, " agus na bíodh eagla ar bith ort."(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Informant
- Mághnus O Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 74
- Address
- Mín an Leá, Co. Donegal