School: Caiseal na gCorr
- Location:
- Caiseal na gCorr, Co. Donegal
- Teacher: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal na gCorr
- XML Page 225
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí gabha óg 'na chomhnuidhe leis fhéin ám amháin. Oidhche amháin tháinig seandhuine thart, agus d'iarr sé fásgadh an toighe air go maidín.”
Sgéal
Bhí gabha óg 'na chomhnuidhe leis fhéin ám amhain. Oidhche amháin tháinig seandhuine thart, agus d'iarr sé fásgadh an toighe air go maidín. Thug an gabha sin do. Chuir sé an seandhuine 'na luighe ar chochán le taobh na teineadh. An oidhche seo thug an seandhuine trí achmhuinghe d'on ghabha óg.
An chead cheann, duine ar bith a bheireadh ar an ord nach mbéadh sé abalta é a leigint amach go n-iarradh seisean air.
An dara ceann duine ar bith a shuidfeadh ar an chathaoir nach mbéadh sé ábalta éirigh go n-iarrfadh seisean air.
An treas ceann rud ar bith a rachfadh isteach ins an sparán nach mbéadh sé abalta theacht amach go dtabharfadh seisean amach é.
Billí an Dealáin an t-ainm a bhí ar an ghabha óg seo. Lá amháin nuair a bhí sé ag obair ins an cheardtha. Tháinig an diabhal fad leis. Chuir sé ceist ar an ghabha an rabh sé réidh le ghabhail leis.(continues on next page)- Collector
- Aodh O Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Mín Átha Buí, Co. Donegal
- Informant
- Mícheál O Cómhghaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Mín Átha Buí, Co. Donegal