Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Donegal
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 434
- XML “Scéal - Seán Dick agus an Diabhal”
- XML “Scéal - An Fear a Chuaigh a Dhíol an Beathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí fear ina chomhnuidhe i Machaire-Rabhartaigh agus ní rabh de mhaoin shaoghalta aige acht sean bheathach bán. Lá amháin chuaidh sé chun an aonaigh a dhíol an bheathaigh. Bhí sé ar an aonach ó mhaidin go h-oidhche agus ní chuir aon duine ceist air cá rabh sé ag dul leis.
Ag teacht 'na' bhaile do d'ól sé a sháith agus chaill sé an beathach. Ar maidin lá thar na bhárach chuaidh sé a chuartughadh an bheataigh agus fuair sé na luighe ar thaobh an bhealaigh mhóir marbh é. Bhain sé an croiceann do agus chuir sé ar an taobh istoigh dé na chirteach [?] é agus dimthigh sé.
Casadh torradh air agus chuaidh sé go dtí an roilig leis. Indiaidh an corp a chur thoisigheadh ar a chaitheadh na cloiche [?]. Bhí an fear seo níos feárr no aon duine aca. Annsin diarr an cuid eile air an ceann a ba mhó a thiocfadh leis a chaitheamh. Bhí sean bean ag urnaighe ar uaidh an corp a cuireadh agus bhuail an í [?] agus(leanann ar an chéad leathanach eile)