Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Donegal
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 60

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 60

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 60
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh sé thart ar an teach agus isteach i bpoll na h-eochrach. (Gaoth Mór.)
    beití, beití taobh amuigh de'n chlaidhe, na bain thusa do bheití agus ní bhainfidh beití duit. (Coll Faithche.)
    Tomhais orm tomhais ort caidé an dealg a chuir Brighid sa bhrat. (Súithche.)
    Chuartaigh mé go bhfuair mé é agus nuair a fuair mé é chaith mé ar shiubhal é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé liom na bhaile é. (Dealg in dó chois.)
    Tcím é is ní fheicim é, tcím ar chnoc na h-aiteanaighe é. Siubhlann sé an bán agus ní imthigheann sé gan cuideachta. (Bás)
    Caidé an rud a gcaithfidh tú giota a bhaint dó le é dhéanamh fada go leor. (Uaigh.)
    Fear a rinne é ní chaith sé ariamh é, agus an fear a chaith é ní fhacaidh sé ariamh é. (Culaith báis.)
    Rug cearc go leith uibh go leith ina lá go leith, cé mhéid lá a nglacfadh sé cearc amháin sé uibhe a rugaint. (4 lá.)
    Bhí ceig ocht ngallún uisce beatha líonta, agus ceig cúig ngallún follamh, agus ceig trí ngallún follamh. Caithfidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge