School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 35
- XML “Iníon an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a thainic sé fhad leis an chuan bhí an stócach na sheasamh ag taoibh na luinge. Dubhairt sé leis go rabh pictúir luchóige ar bhrollach a mhná agus go dtabharfadh an pictúir sin ar fhear ar bith fuath a thabhairt díthe. D'imthigh an fear na bhaile agus casadh a bhean air taobh amuigh de'n teach. D'aithin sí go rabh cuma fheargach air agus chuir sí ceist air caidé bhí air. Chaith sé as an chasan í ach lean sí suad go dtí an seomra bárr í. Bhí abhainn ag imtheacht síos le taoibh an toighe. Bhí an fhuinnéog bárr foscailte agus chaith sé an cailín óg amach ar an fhuinneóig. Thug an tuille leithe í agus cá rabh fhios aici cá rabh sí go dtainic an oidhche. Bhí crann mór ag fás ar thaoibh na h-abhna. Fuair sí greim ar thaoibh de'n chrann agus thainic sí isteach ar an talamh.
Shiubhal sí léithe agus í fliuch báidhte. Fá dheireadh chonnaic sí solas i bhfad uaithe agus tharraing sí air.Nuair a thainic sí fhad leis an tsolas chonnaic sí gur teach mór ná caisléan a bhí ann. Bhí abhainn ag imtheacht síos ar chúl an toighe agus bhí crainn ag fás ar thaobh na h-abhna. Chuaidh sí suas go dtí an teach agus bhuail sí ar an doras. Thainic giorrsach go dtí an doras agus d'fhoscail sí an doras díthe. Chuaidh an cailín isteach na cistineadh agus thainic sí arais. D'iarr sí ar an chailín ghabhail isteach. Chuaidh sí isteach agus dhuidh sí ag an teinidh.
Ba dlightheóir a bhí na chomhnuidhe sa teach seo...(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Baoighill
- Other names
- Micheal Ó Baoighill
- Micheal (Seán) Ó Baoighill (local name)
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal