Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 35
- XML “Iníon an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a thainic sé fhad leis an chuan bhí an stócach na sheasamh ag taoibh na luinge. Dubhairt sé leis go rabh pictúir luchóige ar bhrollach a mhná agus go dtabharfadh an pictúir sin ar fhear ar bith fuath a thabhairt díthe. D'imthigh an fear na bhaile agus casadh a bhean air taobh amuigh de'n teach. D'aithin sí go rabh cuma fheargach air agus chuir sí ceist air caidé bhí air. Chaith sé as an chasan í ach lean sí suad go dtí an seomra bárr í. Bhí abhainn ag imtheacht síos le taoibh an toighe. Bhí an fhuinnéog bárr foscailte agus chaith sé an cailín óg amach ar an fhuinneóig. Thug an tuille leithe í agus cá rabh fhios aici cá rabh sí go dtainic an oidhche. Bhí crann mór ag fás ar thaoibh na h-abhna. Fuair sí greim ar thaoibh de'n chrann agus thainic sí isteach ar an talamh.
Shiubhal sí léithe agus í fliuch báidhte. Fá dheireadh chonnaic sí solas i bhfad uaithe agus tharraing sí air.Nuair a thainic sí fhad leis an tsolas chonnaic sí gur teach mór ná caisléan a bhí ann. Bhí abhainn ag imtheacht síos ar chúl an toighe agus bhí crainn ag fás ar thaobh na h-abhna. Chuaidh sí suas go dtí an teach agus bhuail sí ar an doras. Thainic giorrsach go dtí an doras agus d'fhoscail sí an doras díthe. Chuaidh an cailín isteach na cistineadh agus thainic sí arais. D'iarr sí ar an chailín ghabhail isteach. Chuaidh sí isteach agus dhuidh sí ag an teinidh.
Ba dlightheóir a bhí na chomhnuidhe sa teach seo...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheal Ó Baoighill
- Ainmneacha eile
- Micheal Ó Baoighill
- Micheal (Seán) Ó Baoighill (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall