School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 36
- XML “Iníon an Rí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'iarr sé ar ingean an ríogh a ghabhail isteach go seomra a bhí ann agus go bhfuigheadh sí éadach tirim ann. Nuair a thainic sí arais bhí biadh réídh ar an tábla fá na coinne. Shuidh sí síos agus d'ith sí a sáith. Annsin thaisbeán an seirbhiseach a seomra dithe agus chuaidh sí a luighe.
Ar maidin an lá ar na bhárach nuair a d'éirigh sí fuair sí a bricfeasta. D'fhiafruigh an dlightheóir dithe an bhfanochadh sí aige-san ar fastódh. Dubhairt sise go bhfanochadh. Thoisigh sí a dh'obair agus bhí an dlightheóir iongantach sásta léithe.
Lá amháin chuaidh sí síos go dtí seomra mór a bhí ann. Bhí scaifte cailín na suidhe ag deánamh éadaigh ann. D'éirigh bean acu agus dhuidh an cailín óg síos i na h-áit. Thug an bhean sin buille sa druim díthe. D'éirigh sí agus thainic sí na cistineadh agus í ag caoineadh. D'innis sí do'n dlightheóir caidé a thainic uirthi. Dubhairt an dlightheóir go rabh sin ró-mhaith aici má mhill sí an gréasán agus dubhairt sé ó mhill sí é go gcaithfeadh sí rud éinteacht a rádh leis an chailín eile.
Chuaidh sí síos 'un tseomra agus d'amharc sí ar an ghréadán. Bhí an giota a rinn an cailín óg níos deise. Annsin d'fhiafruigh sé dithe cé acu bh'fearr léithe ag fuaghal ná ag obair sa chistinigh. Dubhairt sise gurbh b'fhearr léithe ag obair sa chistinigh. Achan oidhche nuair a thiocfadh an dlightheóir na bhaile...(continues on next page)- Informant
- Micheal Ó Baoighill
- Other names
- Micheal Ó Baoighill
- Micheal (Seán) Ó Baoighill (local name)
- Gender
- Male
- Age
- 43
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal