School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 113
- XML “Scéal Mairnéalaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chomhnuidhe airíst ins an tsean áit, an teach ar chaith sé tús a shaoghail ann. Is aige a bhíodh gasraí na h-áite ar airneal ins an oidhche. Ni rabh de theach airneáil againn ach é. Bhíodh pléisiúr an tsaoghail orainn ag éisteacht leis ag sgéalaidheacht fá'n am a chaith sé ar an fhairrge.
Bhí sé ag innse dúinn oidhche amháin fá'n am a bhí siad ag rachtail idir an tír seo agus tír choimhthightheach le lasta eallaigh. Oidhche ciúin fhoghmhair a bhí ann. Bhí an soitheach fá shiubhal ghéar. Bhí bunadhas na máirnealach na gcodladh. Ba é fear an bhaile seo a bhí i mbun na h-oibre an oidhche seo. Bhí sé siubhal aniar agus siar sa bhád ag breathnughadh roimhe agus i na dhiaidh. Fá dheireadh chonnaic sé péist mhór ag déanamh ar an bhád. Sheasuigh sé agus choimhead sí an fear tamallt. Bhí sí ag tarraingt air go h-iongantach gasta agus bhí an créatúr i ndroch arán.
Chualaidh sé go minic daoine a rádh dá gcaithfidhe rud éinteacht chuici go n-imtheochadh sí. Bheir sé greim ar stól a bhí ann agus chaith chuici é. Shlug sí an stól ach níor imthigh sí. Chuaidh sé síos go dtí an áit a rabh an t-eallach. D'fhoscail sé an doras agus chaith sé amach bó chuici. Shlug sí siar an bhó ach char imthigh sí. Bhí sean chailleach ar bord agus í na codladh. Fuair sé greim uirthi agus chaith sé amach chuici í. Shlug an phéist...(continues on next page)- Informant
- Sorcha Ní Gairbhe
- Gender
- Female
- Age
- 35
- Address
- Rann na Feirste, Co. Donegal