Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 113
- XML “Scéal Mairnéalaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chomhnuidhe airíst ins an tsean áit, an teach ar chaith sé tús a shaoghail ann. Is aige a bhíodh gasraí na h-áite ar airneal ins an oidhche. Ni rabh de theach airneáil againn ach é. Bhíodh pléisiúr an tsaoghail orainn ag éisteacht leis ag sgéalaidheacht fá'n am a chaith sé ar an fhairrge.
Bhí sé ag innse dúinn oidhche amháin fá'n am a bhí siad ag rachtail idir an tír seo agus tír choimhthightheach le lasta eallaigh. Oidhche ciúin fhoghmhair a bhí ann. Bhí an soitheach fá shiubhal ghéar. Bhí bunadhas na máirnealach na gcodladh. Ba é fear an bhaile seo a bhí i mbun na h-oibre an oidhche seo. Bhí sé siubhal aniar agus siar sa bhád ag breathnughadh roimhe agus i na dhiaidh. Fá dheireadh chonnaic sé péist mhór ag déanamh ar an bhád. Sheasuigh sé agus choimhead sí an fear tamallt. Bhí sí ag tarraingt air go h-iongantach gasta agus bhí an créatúr i ndroch arán.
Chualaidh sé go minic daoine a rádh dá gcaithfidhe rud éinteacht chuici go n-imtheochadh sí. Bheir sé greim ar stól a bhí ann agus chaith chuici é. Shlug sí an stól ach níor imthigh sí. Chuaidh sé síos go dtí an áit a rabh an t-eallach. D'fhoscail sé an doras agus chaith sé amach bó chuici. Shlug sí siar an bhó ach char imthigh sí. Bhí sean chailleach ar bord agus í na codladh. Fuair sé greim uirthi agus chaith sé amach chuici í. Shlug an phéist...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Gairbhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 35
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall