Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an scein agus dar leis fhéin go raibh Fionn i gcruadh-chás. D’fhág sé slán ag a mhuinntir agus d’imthigh sé leis. Shiubhail sé leis ná go dtáinic an neóin bheag agus deireadh an lae air. Tháinic sé fhad le coillidh agus lean sé an bealach fríd an choillidh go dtí an abhainn agus trasna ar an droichead chéadna a deachaidh a bheirt dearbhrathair na laethe roimhe sin.
Chonnaic sé léana deas glas agus shuidh sé síos a dheanamh a seríste. Ní raibh sé i bhfad ‘n-a shuidhe go bhfacaidh sé ag tarraingt air spéir-bhean óg áluinn. Nuair a tháinic sí fá fhad comhráidh do, chuir sí fáilte agus céad roimh mhac Ríogh na hÉireann ann a ainm agus ann a shloinneadh.
Tharraing sí brat anuas as faoi ‘n-a hascaill, spréid ar an talamh é, agus leag faoi bórd bídh agus díg’ comh maith agus chonnaic sé ariamh. Shuidh sé isteach chuig an bhórd agus nuair a bhí a sháith ithte agus ólta aige, thug sé buidheachas dithe. Beir sí ar an scein agus ar an ghabhlóg annsin agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Donegal