Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a ba’ deise a chonnaic sé ariamh. Dar leis fhéin, suidhfidh mé síos agus dheanfaidh mé mo scríste.
Ní raibh sé i bhfad ‘n-a shuidhe nuair a chonnaic sé chuige an cailín a ba’ dóigheamhla a chonnaic sé ariamh. Chuir sí fáilte agus céad roimh mhac Ríogh na hÉireann ann a ainm agus ann a shloinneadh. Tharraing sí brat amach as faoi na hascaill, spréidh ar an talamh é, leag bórd bídh agus dígh’ faoi agus d’iarr air a sháith a ithe agus a ól.
Nuair a bhí a sháith ithte agus ólta aige thug sé buidheachas dithe. Bheir sí ar an scein agus ar an ghabhlóg a raibh sé ag baint úsaid asta, ghearr giota maith de’n fheoil a bhí fágtha ar an phláta agus d’iarr air a sháith a ithe.
“A bhean uasal ónorach”, ar’ seisean, “níor shuidh mise isteach ag tábla bídh ná díg’ ariamh gan mo sháith a ithe”.
Bhuail sí le slat draoidheachta é agus rinn sí carraic chloiche de.
Chuaidh Oscar go dtí tabar na híoc-shláinte ar maidín lá-thar-na bharach agus bhí ruadh-meirg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall